lirikcinta.com
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu a neansaí ‘mhíle grá – clannad

Loading...

a neansaí, ‘mhíle grá, a bhruinneall ‘tá gan smál
go bhfeice mise’n t-ádh ‘gus an séan ort!
ba ghile do dhá láimh ná cúr geal na trá
ná’n eala ‘s í a’ snámh ar an éirne.
is glaise liom do shúil ná braon beag den drúcht,
is binne liomsa tú ná na téadaí;
‘s mur’ n-éalaí tusa liomsa t-tfidh mé i lionndubh
‘gus cuirfear insa chill ‘do dhéidh mé.

is iomaí sin guth mná a chluinimse ‘ngach aird
abhus agus taobh thall den éirne.
go corcaigh na gcuan ‘s go béal ath’ na sluaighe
‘sí neansaí ‘thug bua ar a’ méid sin.
a mhuire ‘gus a dhia, nárbh aoibhinn deas é’r saol,
dá mbeinnse agus í le chéile?
tráthnóna aoibhinn ciúin, ó mise ‘gus mo rún
ag cogarnaíl ar uaigneas sléibhe.

beir litir uaimse suas chuig neansaí chaoin na gcuach
is aithris di gur buartha atá mé;
aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche
le harraing atá trí mo thaobh deas.
aithris é dá súil, aithris é dá cúl,
aithris é dá méin mhaith chéillí;
aithris é dá ceann ‘s dá béilín atá binn
gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha’.

dé domhnaigh má tchímse stór geal mo chroí
tiocfaidh an t-amharc chugham arís is an éisteacht;
an tuirse atá ar mo chroí, go n-imeoidh sí díom,
is ní aithneofar an aois ar m’éadan.
a mhuire is a rí, nach a tuirseach a bhím,
is go scaipfinn, dá mba fíon uilig, an áirne.
an bhfuil duine ar bith sa tír a bhainfeadh díom mo mhian?
níorbh fhada mé sa saol seo ina héagmais

lirik lagu lainnya :

YANG LAGI NGE-TRENDS...

Loading...