
ta me 'mo shui - altan lyrics
tá mé ‘mo shuí
ó d’éirigh an ghealach aréir
ag cur teineadh síos gan scíth
‘s á fadú go géar
tá bunadh a’ tí ‘na luí
‘s tá mise liom féin
tá na coiligh ag glaoch
‘s tá ‘n saol ina gcodladh ach mé
sheacht mh’anam déag do bhéal
do mhalaí ‘s do ghrua
do shúil ghorm ghlé gheal
fá’r thréig mé aiteas is suairc
le c-mhaidh i do dhiaidh ní léir dom
an bealach a shiúl
is a charaid mo chléibh
tá na sléibhte ag gabháil idir mé ‘s tú
deireann lucht léinn
gur cloíte an galar an grá
char admhaigh mé é nó go raibh sé
‘ndiaidh mo chroí ‘stigh a chrá
aicíd ró-ghéar, faraor
nár sheachnaigh mé í
chuir sí arraing ‘s céad go géar
fríd cheartlár mo chroí
casadh bean sí domh thíos
ag lios bhéal an áth’
‘s d’fhiafraigh mé díthe
an scaoilfeadh glais ar bith grá
‘sé dúirt sí os íseal
i mbriathra soineanta sámh
nuair a théann sé fán chroí
cha scaoiltear as é go brách
Random Song Lyrics :
- buquezin (part. mateca) - pedro sampaio lyrics
- perdóname - camilo blanes (mx) lyrics
- bliss - tovan lyrics
- turn my head - illbliss lyrics
- it's not personal experience, it's just another disorder - caitlyn tibbles lyrics
- his praise - ted pearce lyrics
- 들었다 놨다 (love actually) - daybreak (kor) lyrics
- nedir gerçek - berkan bulut lyrics
- total eclipse - shatter (rus) lyrics
- walking with the ghost of samsara: part 3 - shine a light - tyler kamen lyrics