
sliabh geal gcua - anuna lyrics
ó a shliabh geal gcua na féile
is fada uait i gcéin mé
i m’shuí cois cuain i m’aonar
go tréithlag faoi bhrón
an tuile bhuí ar thaobh díom
‘dir mé ‘gus tír mo chléibhe
‘sa shliabh geal gcua na féile
go tréithlag faoi bhrón
dá mbeinnse ‘measc mo ghaolta
i sceithín ghlas na scéimhfhear
nuair a scaipeann teas na gréine
ó spéir gheal gan smál
nó dá mbeinne ‘n-siúd faoin réaltain
nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
ó a shliabh geal gcua, nar dhéirc sin
dá mb’fhéidir é ‘fháil
‘sé mo léan nach bhfuair mé tógaint
le léann is mórchuid eolais
i ngealainn uasal cheolmhar
ba sheolta mo bhéal
ó threabhfainn cuairt thar sáile
is thabharfainn bua thar barr chughat
mar a shliabh geal gcua
ba bhréa liom thú’ardú fé réim
dá mbeinnse ‘measc mo ghaolta
i sceithín ghlas na scéimhfhear
nuair a scaipeann teas na gréine
ó spéir gheal gan smál
nó dá mbeinne ‘n-siúd faoin réaltain
nuair a thiteann drúcht ar fhéar ann
ó a shliabh geal gcua, nar dhéirc sin
dá mb’fhéidir é ‘fháil
Random Song Lyrics :
- scared - chris brown lyrics
- thuggin it (feat. chris brown) - joe moses lyrics
- where do we go - solange knowles lyrics
- assim eu vou - leal melo lyrics
- claro que porsupuesto - ramón ayala y sus bravos del norte lyrics
- fantasizing about you - shaquellé lyrics
- sé tú no estas - ray feat. robby lyrics
- new religion - trifle lyrics
- we out... - heartsrevolution lyrics
- keep cool babylon - ras michael and the sons of negus lyrics