
seacht ndólás na maighdine muire - celia ní fhátharta lyrics
an chéad dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
caipíní dubha air, is na iúdaigh á ghreadadh
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an dara dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
léine gharbh róin air, is a chraiceann á stracadh
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an tríú dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
é ar an gcrois chéasta, is na tairní á ghearradh
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an ceathrú dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
é ar chrann na croise ag fáil na ngrásta dár n-anam
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an cúigiú dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
a cheann ar bharr spíce ag tabhairt a chuid fola
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an séú dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
é ina hucht ghléigeal, is é sínte fuar marbh
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
an seachtú dólás a bhí ar an maighdean nuair a torraíodh a leanbh
é sínte san uaigh, is na leacracha air trasna
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
aililiú ó íosa, aililiú is tú mo leanbh
aililiú ó íosa, is tú rí gheal na bhflaitheas
Random Song Lyrics :
- medusa - drea c lyrics
- superstition - halfnoise lyrics
- vida cara - kalli & bruxo lyrics
- two left feet - j magnus lyrics
- libre - tehui lyrics
- глаза аниме (eyes anime) - daybe lyrics
- runnin’ down the street - the guess who lyrics
- see in me (ft nextdrew) [prod. andrewbeatz] - naykho! lyrics
- certification - naps lyrics
- nervous - lottie lyrics