
cill chais - the dubliners lyrics
cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
tá deireadh na gcoillte ar lár
níl trácht ar chill chais ná a teaghlach
‘s ní chluinfear a cling go brách
an áit úd ‘na gcónaíodh an dei-bhean
fuair gradam is meidhir thar mnáibh
bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann
‘s an t-aifreann binn dá rá
ní chluinim fuaim lachan ná gé ann
ná iolar ag éamh cois cuain
ná fiú na mbeacha chun saothair
thabharfadh mil agus céir don tslua
níl ceol binn milis na n-éan ann
le hamharc an lae dul uainn
ná an chuaichín i mbarra na gcraobh ann
ó’s í chuirfeadh an saol chun suain
aicim ar mhuire ‘s ar íosa
go dtaga sí arís chughainn slán
go mbeidh rincí fada ‘gabháil timpeall
ceol fidil ‘s tinte cnámh
go dtógfar an baile seo ár sinsear
cill chais bhreá, arís go hard
is go brách nó go dtiocfaidh and díle
ná feicfear é arís ar lár
Random Song Lyrics :
- love her with a feeling - the paul butterfield blues band lyrics
- la diva - calli (deu) lyrics
- pink perfume - ra-trek lyrics
- 20 ans - couturier lyrics
- señor dos escuros dons - lóstregos lyrics
- super - dxseo lyrics
- banho de chuva - gf gahiji feat. rebeca queiroz & lado negro do mapa lyrics
- твои глаза (your eyes) - kirka lyrics
- što se stidiš ljubavi - kemal malovcic lyrics
- аббат джон (abbot john) - woodscream lyrics