lirik lagu susy macguire – alan stivell
siobhán ní dhuibhir
d’éirigh mé ar maidin a tharraint chun aonaigh mhóir
a dhíol is a cheannacht mar a dhéanadh mo dhaoine romham
bhuail tart ar an bhealach mé is shuigh mise síos a dh’ól
is le siobhán ní dhuibhir gur ól mise luach na mbróg
a siobhán ní dhuibhir an miste leat mé bheith tinn?
mo bhrón is mo mhilleadh más miste liom tú bheith i gcill
bróinte ‘s muilte bheith ‘scileadh ar chúl do chinn
ach cead a bheith in ioras go dtara síol éacha chun cinn
a siobhán ní dhuibhir is tú bun agus barr mo scéil
ar mhná na cruinne go dtug sise an báire léi
le gile le finne le maise is le dhá dtrian scéimh
is nach mise an trua mhuire bheith ag scaradh amárach léi
thiar in iorras tá searc agus grá mo chléibh
planta an leinbh a d’eitigh mo phósadh inné
beir scéala uaim chuici má thus mise póg dá béal
go dtabharfainn dí tuille dá gcuirfeadh sí bólacht léi
beir scéala uaim chuige go dearfá nach bpósaim é
ó chuala mise gur chuir sé le bólacht mé
nuair nach bhfuil agamsa maoin nó mórán spré
bíodh a rogha bean aige is beidh mise ar mo chomhairle féin
lirik lagu lainnya :
- kumpulan lirik lagu ambiguous culture › lirik lagu memorex – ambiguous culture
- kumpulan lirik lagu sobota › lirik lagu za damski huj – sobota
- kumpulan lirik lagu ehlie luna › lirik lagu jilted – ehlie luna
- kumpulan lirik lagu fairymaeko › lirik lagu em chi muon yeu thoi ma (i only want real love) – fairymaeko
- kumpulan lirik lagu zippo ukraine › lirik lagu горим (gorim) – zippo (ukraine)
- kumpulan lirik lagu jay ride › lirik lagu warning! – jay.ride
- kumpulan lirik lagu blokkmonsta uzi › lirik lagu ewige finsternis – blokkmonsta & uzi
- kumpulan lirik lagu reok › lirik lagu introspezione – reok
- kumpulan lirik lagu a banda mais bonita da cidade › lirik lagu inverno – a banda mais bonita da cidade
- kumpulan lirik lagu nulbarich › lirik lagu spread butter on my bread – nulbarich