lirikcinta.com
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu ceol a’phiobaire – altan

Loading...

má phósann tú an siostalóir, is tú a bheas ag caoineadh
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
ó, beidh tú do thachtadh le barrach na tíre
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
ó, beidh tú ‘do shuí go mbeidh sé an meán oíche
ag síordhó na gcoinneal is ag sciobadh an lín dó
mile b’fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó

má phósann tú an fíodóir, is tú a bheas ag caoineadh
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
beidh cead luig laig ag an úim a scaoileadh
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
ó, beidh tú ‘do shuí go mbeidh sé an meán oíche
ag síordhó na gcoinneal is ag crónan fán íneadh
mile b’fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó

má phósann tú an tailliúr, is tú a bheas ag caoineadh
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
beidh sop i mbéal an dorais, mar bheadh madadh ar charnán aoiligh
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó
ó, beidh tú ‘do shuí go mbeidh sé an meán oíche
ag síordhó na gcoinneal is ag creimneáil na bpíosaí
mile b’fhearr duit mise agat, is ceol binn mo phíoba
a mhuirnín dílis ‘fhaoilí ó

lirik lagu lainnya :

YANG LAGI NGE-TRENDS...

Loading...