lirikcinta.com
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu úrchnoc chéin mhic cáinte – aoife ní fhearraigh

Loading...

a phlúr na maighdean is úire gné
fuair clú le scéimh ón ádhamhchlainn
a chúil na bpéarla, a rún na héigse
a dhúblaíos féile is fáilte
a ghnúis mar ghréin le tús gach lae ghil
a mhúchas léan le gáire
‘sé an trua gan mé is tú, a shiúir, linn féin
sa dún sin chéin mhic cáinte

táim brúite i bpéin gan suan gan néall
de do chumha, a ghéag is áille
is gur tó mo rogha i gcúigibh éireann
cúis nach séanam áthas de
dá siúlfá, a réalta gan smúid, liom féin
ba shúgach saor ár sláinte
gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
sa dún sin chéin mhic cáinte

a shuairc-bhean tséimh na gcuachfholt péarlach
gluais liom fhéin ar ball beag
nuair a bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
ina suan faoi éadai bána
ó thuaidh go mbeam i bhfad uatha araon
teacht nuachruth gréine amárach
gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
san dún sin chéin mhic cáinte

lirik lagu lainnya :

YANG LAGI NGE-TRENDS...

Loading...