lirikcinta.com
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu dair – corr mhóna

Loading...

ár réim saoil
ag sú lí ón ghrian
ár n*anamacha ag loscadh go dian
an scracadh chun maireachtála
ag dul ar an mórshlua

fréamhacha atá ina thost
ag lorg an tsolais
greamaithe síos sa chré
i ngéibheann san talamh

fréamhacha ina thost, ag greamú na cré
foighneach
stoc ag tosnú an tsuain geimhridh
ag coimeád a neart
géaga atá tar eis a samhlaíocht a thabhairt
fuil croí ag moilliú trid a gcorp
’a bheith ullamh

craobhacha ag briseadh as a chéile
ag fulaingt leis an t*easnamh
duilleoga ag titim, ag seargadh
ag saothrú an bháis
geimhreadh ag teacht, íontóir easaontais
an bheatha ag coinneáil a h*anáil istigh
an scracadh chun maireachtála
ag sú lí ón ghrian
ár n*anamacha i réim
ár ndóchas faoi bhláth
ár réim saoil

ag ceiliúradh i measc na réaltaí
ag tabhairt samhlaíochta
ag damhsa leis na gealta

lirik lagu lainnya :

YANG LAGI NGE-TRENDS...

Loading...