lirik lagu ceap do shuaimhneass – imlé
[cúrfá]
ceap do shuaimhneas, lig do scíth
ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí
ceap do shuaimhneas,bí istigh leat féin
ceap do shuaimhneas má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin
[véarsa 1]
nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith
is nuair atá d’aigne chomh scaipthe le mún giorria
cad é a dúirt an tailliúr linn ó ghuagán barra
glac bog an saol is glacfaidh an saol bog tú féin, a chara
[curfá]
só, ceap do shuaimhneas, lig do scíth
ceap do shuaimhneas má tá tú ag rith ar an tanaí
ceap do shuaimhneas, bí istigh leat féin
ceap do shuaimhneas, má tá an saol ag luí dian ar do shaol féin
[droichead]
is minic a smaoinim ar an am nuair a bhí mé óg
is mé ag smaoineamh ar am ar cheap mé gur thóg
daoine rudaí uaim ach bhí seo go hiomlán páisteach
táim buíoch le rá nach raibh ann ach seal sealadach
tromlach na smaointe, smaointe a bhí mídhírithe
mar fhear, mar pháiste, mar bhuachaill óg
fiú i mo chloigeann déanamh gleo déanamh gleo
de bhrí sin gan mórán scíth do dhuine ar bith ón stró
ach d’fhás mé suas ag foghlaim go hocrach le luas
mar go raibh sé i gceist go bpiocadh rudaí suas
i mo shaol is gan iad seo, beag an baol beag an baol
go mbeinse sásta ar feadh i bhfad in sa saol
[véarsa 2]
beidh tú fada a dhóthain ag tabhairt an fhéir
mar sin canathaobh ná bainfeá súp as an saol
fóill ort a chroí, fóill ar do shámh
bainfimid fad as an oíche seo go fóill
[curfá]
ceap mo shuaimhneas, lig mo scíth
is ceapfaidh mise do shuaimhneas duit
ó mhaidin go hoíche, a chroí
ceap do shuaimhneas, luigh siar faoin ngréin
ceap do shuaimhneas, as fad agus leithead déanfaimid aon
lirik lagu lainnya :
- kumpulan lirik lagu papoose › lirik lagu stylin’ on you – papoose
- kumpulan lirik lagu nemesyzz rigby › lirik lagu when our sunset comes around – nemesyzz rigby
- kumpulan lirik lagu alicia villarreal › lirik lagu caso perdido – alicia villarreal
- kumpulan lirik lagu eirini papadopoulou › lirik lagu επιβιώνω (epiviono) – eirini papadopoulou
- kumpulan lirik lagu the travelling band › lirik lagu only waiting – the travelling band
- kumpulan lirik lagu rhys langston › lirik lagu minstrel makeup sex (bars for sale) – rhys langston
- kumpulan lirik lagu kazik › lirik lagu oddalenie – kazik
- kumpulan lirik lagu malika ayane › lirik lagu grovigli – malika ayane
- kumpulan lirik lagu lucid dreams › lirik lagu jucie wrld – lucid dreams
- kumpulan lirik lagu briantherunner › lirik lagu drop off – @briantherunner