lirikcinta.com
a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 #

lirik lagu chuaigh mé ‘na rosann – scartaglen

Loading...

chuaigh mé ‘na rosann ar cuairt
gur bhreathnaigh mé uaim an spéir
is thart fá na h-oileán ó thuaidh
mar eilit agus cú ‘na diaidh

casadh dom a’ cailín deas óg
ach ma casadh ‘sí a labhair go géar
“má’s fear thú a bhain do mhnaoi óig
cha mholaim rómhór do thrade”

“chonnaic mé fear ar thír mór
‘s é ag siúl gan bhróg inné
is dóigh liom gur thusa ‘n fear óg
is go bhfuil ort an tóir ‘do dhiaidh”

thit muid i dtuirse ‘s i mbrón
is d’fhiafraigh an óig-bhean díom
“cá bhfuigheas muid gloine le h-ól
a thógfas an brón d’ár gcroí?”

nuiar a lig muid dúinn tuirse is brón
sé d’fhiafraigh an óig-bhean díom
“cá mbíonn tú ‘do chónaí sa lá
nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?”

“bím-se seal ‘dtoigh an óil
cha deánaim-se lón don phingin
a’ meid údaidh a shaothraím sa lá
a chathamh le spórt san oích’”

“má’s fear thú a leanas don ól
cha mholaim rómhór do thrade
nó chan iarrfainn ar dhuine de do sheort-sa
toiseacht le buaidhreadh an tsaoil”

lirik lagu lainnya :

YANG LAGI NGE-TRENDS...

Loading...